Wednesday, May 31, 2006


(Risteard eile - fear ata i gcomhnuidhe ar ti sraoth a ligeant amach)


Ta muidne, mise agus an "team" ag obair go cruaidh le go gcriochno' muid tionscadal ata againne. Tionscadal ar thoradh i de chruinneamh mar a dhearna "siadsan" an cinneadh go mbeadh se iontach maith duinne uilig da ndeanfaimis beagan re-obair siuds go mbeadh aon desna chliant 's againne sasta fanacht ag "obair" linn. Ach beireann se seo chun pointe shuimuil me. Oir gidh go nusaidimid an fhocal "obair" ar son tagairt ar an phroiseas ina ndeanimid aidhm inteach a bhaint amach, chan fhagann se seo gur obair ata i gceist i ndairire.
N'uair a smaoninteas tu ar na neithe seo, cuireann siadag smaointeamh tu ar usaidaithe ar son an fhocail "obair". Smaoin, ma ta, ar na habairti seo 'a leanas:
"Bha an computair seo ag obair reidh suas gur bhfuair eisean an bhriseadh neirbhisai sin agus ansin chaith se amach as an fhuinneoig e."
"Bha eisean ag obair chomh cruaidh go bhfuair se briseadh-neirbhisai. I ndiadh sin bha e gan obair."
"Bha an obair ro-chruaidh do. Chuaigh se ag rith as an oifig aige, ag sgreadadh gairsiulachtai agus ag tarraingt a chuid ghruaige."
"Bha na daoini ag an obair chomh-dicheilidh agus do-chreidte mi-usaideacha go robh obair aige mo na bhomaite a chaitheamh in a measg."
Seo samplai airid a thaispeaneann ce chomh usaideach is ata an fhocal ud. Ach i ndiadh sin uile, ta focail eile ann ata beagnach chomh aisiula le sin. Tog anoiste an fhocal "comhairle". Ta an chuid usaidi ag baint leisean fosta.
"Bha na daoine a bha ag obair liomsa ag deanamh comhairle ar coide an doigh is fhearr chun fail reidh liomsa."
"Thug mo chomhoibri comhairle domhsa, dul chun na hifrine."
"Thug an comhairleor chontae oraid a chuir chun codladh na daoini a bha ag eisteacht leis."
Agus mar sin de.
Is leir on meid thuas-luaite go bheil go leor difear minaithe ar son beagnach achan fhocal da bheil ann. Smaoin ar a sin, an chead uair eile a bheas tu ag tabhairt comhairle do dhuine inteach eile, go mor mor ma's duine e seo ata ag obair leat.
R.R.

Tuesday, May 23, 2006

Chaith me la go leith ag feachail le choinneail le reim bidh. Bha se iontach doilligh a dheanamh oir bhual, chan bheil tada de fein-smacht agham ar aon nos agus ta an reimse bidh ar fail anseo ata a) slaintiuil agus b) blasta iontach teoranta ar fad. Agus me ag smaointeamh air, ta an reimse bidh go leir ata ar fail anseo teoranta. Ach sin rud a thuganns me chuig pointe eile. Oir ta mise ar ais on leithreas agus da rudai faighte amach agham.

Cad e na rudai sin? cluinnim thusa a radh. Bhual seo duit sgealin beag: bha mise i mbun obair iontach tabhartach agus chruaidh a dheanamh mar is gnathach liom... Agus ag bomaite airid, chan eil me chuimhneamh ca huair go direach, chuaigh me don leithreas ar son mo sgith a leagaint ar feadh bhomaite. Ta tri stainnin ann go dearfa agus mise ar mo bhealach chuig ann ceann larnach dibh*. Ach ag dul thart an chead ceann, chonnaic me duine inteach a bha i ndiadh gabhail isteach ann, an doras a ligeant fosgailte agus a bha i mbun a mailin a folamheamh. Ceart go leor, a shil me, ma's mian leat dul chuig ceann desna stainnini beaga, chan eil locht a scar a bith agham ort. ACH, dun an doras, i ngeall ar an dinit daonna. ANSIN, chuaigh mise isteach insan darna stainnini agus chuaigh me i mbun mo ghnoithe. Ach ag an am ceadna bha mo dhuine i i ndiadh a ghnoithe fhein a chriochneamh agus a lamha a ghlanadh... No? Cad e? Chan eil me
ag cluinstin an uisce ag ruith. Chan chluinim an tuaille a tharaingt (agus, 's e an darna rud) Cluinim . . . c, c, cluinim ach an doras a foscailt. CNEAD!

AGUS ta fhios agham ce he an duine sin.

*Bimse de ghnathach ag dul chuig an ceann ar an taobh dheis no an toabh chle reidh suas go dti go nduirt siad go bheil an ceann ar an toabh chle curtha in aireamh ar son daoine ata og obair insan ceaintín. ACH, chan fhagann se seo, nach bheil an duine "inteach" suas luaite duine on ceantin...

R.R.
Seo daoibh sliocht beag as an fhocloir iontach ud, an Focloir Oirthear Uladh:

áithe - barr áithe - a "kiln-cast", i.e. as much of grain to be dried as fits in the top of a kiln (Far. - SgÓir 102 whence Or. - Din2 sub bárr); is lia lá maith ná barr áithe againn - oftener we have a fine day than a kiln-cast (Far. proverb – SgÓir foclóir sub barr áithe)

Obair, craic agus eile...

(Foireann do mo chomh-oibrithe ag baint taithneamh as briseadh i ndiadh threimhse obair a bha go hairid chruaidh.)


I ndiadh an lae a bha agham inde, braitheann rudai giota beag nios fhearr indiu. Agus tim an trath so, go bheil an ghrian ag taithneamh. Ach, nach mbeadh fhios aghat, ta an aimsir ag dul in oclas, a luaithe is ata a leithead raite aghat. Agus tim go bheil na sgathanna a mbogadh thart fan speir anois.

Sin an sgeal ceadna is ata aghainne insan obair. A luaithe is chreideanns tu go bheil achan rud a ghabhail thar barr, is an sin a thoisaionn rudai a dhul i gcaiceas...

Bha an plean iontach ag duine inteach a bhfanfaidh gan ainm ar son cuiseanna shabhailteachta agus cneastachta. Ach, ar aon nos, bha an plean seo ag duine inteach a bha den bharuil go mbeadh se iontach cuiduil duinne go leir (i bfhocla eile dithi fhein) da mbeadh tabla-ama aghainne ar son's go bfheadadh ise e a usaid chun taispaint don uas-bhainistaidheachta direach chomh diongbhailte agus dioghraiseach is a bha an fhoireaan aici. Oir, mar's eol duinne uilig, ma ta foireann ag obair go cruaidh agus go diongbhailte, is mar gheallt ar an mbainistaidheor acu, ni ar an adhbhar go bheil siadsan ag obair mar sclabhaithe...

Bhual, chuaigh an duine inteach thuasluaite sin chugam chun iarraidh orm an mbeadh suim da laghad agham an tabla-ama sin a fhorbairt. Cha robh mi direach gafa leis an bplean sin ach ag a' taobh eile cha robh mi fada insan fhoireann agus cha robh mi ag iarraidh an bad a chroitheadh mar a deirfea. Agus chuaigh me i mbun na hoibre.

Cinnte, da nabrofea nach robh moran diongbhail agham a dheanamh, cha bheifea ag deanamh aibheil. Ach rinn me e, agus ag deireadh na seachtaine chuir me fa bhraid an bhainistaidheor e. Seo thios a ndeachaigh eadarainn:

"Oh, an e seo do time table?"
"'S eadh, s'eadh..."
"Hmm, wow, ta se seo just grrrrreat! Ar mhaith leatsa e?"
"Bhuel, s'eadh..., eh..." An sin chuaigh me ag feachuint ar an scailean fe mar da mbeadh rud inteach iontach shuimuil ann, direach ar son 's nach ga domh teangbhail sul a dheanamh leithi. Agus ansin, d'eirigh mo ghruanna giota beag te, oir bha fhios agham, ma ta sise ag cur ceisteanna mar sin, char dheagh-comhartha scar a bith a bha ann.
"Yeah, well, ta se futsa, dairire. Ma chreideann tusa gur mhaith leat comhad mar seo a usaid, be my guest." Cha robh sise ag mionghaire a thuilleadh. Bha a sul ag tolladh isteach i mo cheannaghaidh. Bha splancanna ag eitealt as na mic imrisc aici.
"Aidh, bhual, is docha gurbh fheidir liom oibrieamh air giota beag nios mo..."
"Do, do. Agus taispean dom e, n'uair ata se deanta i gceart agat." Mionghaire bheag eile.
"Ok, ni me e seo." Fan staid seo, ba gheall mo ghruanna le dha thratai... tratai ballbruite.

Bha an comhradh sin criochnaithe agus, bhual, chan urra liom a mhionn a thabhairt, ach silim gur chuala me ise ag broimneamh agus mise ag dul ar ais chuig an deisc agham, min islebrioch ar mo cheannaghaidh.

Wednesday, May 17, 2006

La eile, caic cheana...

(Bainistaidheacht: prionsai i measg na ndaoine...)


Ta poit agham indiu i ndiadh oidhche bhrea a chaitheamh insan phub "The Long Hall". Ba oidhche, mar a duirt me, mhaith a bhi inti. Bhi mise an in eindi le cara o thar lear agus muide a dh'ol pionta leanna duibhe. Bhi muid ag caint ar rudaí eagsamhailte ar feadh uaireanta agus n'uair a chuaigh mise ar son teacht chun bhaile bhi me olta go leor. Is docha gurbh e sin an fath nach robh me ag smaointeamh go mbeadh se chomh doilligh is a bhi se eiri ar maidin.

Ag an obair domhsa arithist agus ag feachail le dul i ngleic leis an bhfiric go bheil me timpeallaithe ag daoine ata ag feachail le dul i ngleic le bhfirici eile, firici nios bunusai mar "an e an fath go bheil me a dh'obair anseo na go bheil orm cuir isteach ar dhuine inteach ur achan bhomaite ata me anseo?" agus "b'fheidir go gcaithfidh me m'iongai a pheinteail arithist."

Seadh seadh. Bhi mise ag amhairc ar an scailean agham agus ag déanamh beagan machnaimh ar goide a n-iosfainn ar son mo bhricfeasta n'uair a fuair me r-phost on bhainistaidheor agham ag fiafrai diom, goide an sgeul fa dtaobh den proiseict a bhi eadar lamha agham. Bhual, chan bheil me iontach eolach ar rudai den leithead seo ach chomh fad's is eol domh, chan octaipus mise, na riomhaire, na robot, na rud a scor a bith a bfheadfa comparaid a dheanamh leis.

Ach rinn me mo dhicheall mar is abhaist... bhuel, sin rud eile... ach rinn me mo dhicheall mar a dheanaim n'uair is mian liom. Agus sin deireadh an sceil. Is rud a chuireanns aobhneas ar mo chroí afach go bheil fhios agham go bheil daoine ann a bheil mo churami a gcurami uilig; daoine a chuireanns mo shochar roimh achan rud eile. Ta an tiotal "bainistaidheor" ina chineal ord onortha, direach mar ata Ord an Ghairteir. Cineal eagsamhailte, iad, cine de thaosigh agus rithe... prionsai i measg an chine daonna.

Ar an taobh mhaith afach, fuair me r-phost o eagarthoir an foclóra Gaedhilge Oirthear Uladh chun radh go robh cead agham sleachta den obair iontach sin a usaid insan bhlog agham. Maith an rud e. Maith thu a Chiarain choir!

Seo daoibh sliocht eile:
ceart, m.: maor cirt - an arbitrator appointed in the mountain districts of Tyrone to decide disputes that arise amongst those who have grazing in common (Tyrone - Din1, Din2)

Friday, May 12, 2006

Deoch laidir agus araile...

("Níl aon deor dá bhfaighinn nach ligfinn síos,Ar eagla go bhfaighinnse bás den tart..." C. B. Mac Giolla Ghunna)


Mo chreach~ ... Mo righocht! Bheirfainn mo righocht don bhainistaidheor a habrodh go robh cead olta aghainne agus muide ag an obair. Ta muid i ndiadh bheith a caint ar an pointe seo i rith cruinneamh a bhi aghainne ta cupla lae o shin. Agus, i ndiadh cupla a mhalairteamh agus a leithead de mhionchaint a bheath aghainne, dubhairt an bhainistaidheor go criochnach nach robh cead aghainne deochlaidir a bheith aghainne ag an obair.

Bhual, is pointe suimuil e seo, oir ta cupla difear bharuil ag daoine fa dtaobh den deoch. Braitheann fe mar go bheil se seo maith go leor ma ta tu ag obair insan earnail margaiochta ach chan 'eil se sin maith go leor a scor a bith ma ta tu ag obair insan earnail cruthaidheachta. Agus ta se sin ciallmhar, d'fheadfea a radh. Ta na daoine ag obair ag margaiocht an tairge agus ag caint le daoine margaiochta de chuid comhlachtai eile. Ta na daoine ata ag obair insan monarcha freagrach as cailiocht an tairge fhein.

Ach, i mo thuairimse ta da rud ann a fhagann go dtagann se sin uilig salach ar a cheile. Insan chead ait, ta na daoine uilig ata ag obair mar laithritheoir den chomhlacht i gcomhnuidhe ina amadain morchuiseacha. I gcomhnuidhe. Ta daoine ann a d'aistrigh on roinn ina bheil mise ag obair chun na ranna margaiochta agus a d'athraigh o daoine normalta go leir go dti daoine go hiomlan trina cheile. Thoisigh siad go tobainn a bheith ag caitheamh fake tan orthu fhein leis an sluasaid agus a bhfeisteamh i neadai Dolce agus a charaid, i bhfaiteadh na sul ... agus is ar na garsuin ataim a chaint. So, teann siadsan amach leis a gcuid comhoibrithe ar son a gcuid loin-meisciula agus ag sportail a gcuid fake tans agus is iadsan, na daoine ata ag cuir i lathair an chomhlachta. AGUS ta siad chomh olta le tiomanai an 84 bhus insna hochtoidi... Maise, is docha go bheil me ach i mo dhuine shoineanta ach is mo thaithi fhein go bheil se 'na smoainteamh dhona, amadain agus alcohol a chur insan aitreabh cheana. Aidh, is daoine mi-thrustmhara na daoine margaiochta...

Ach, ta na daoine ag obair go cruaidh insan oifig cruthaidheachta gan cead a dh'ol ce gur iad an chroi na cruthaidheachta ... iad na daoine a chuireanns an rud go leir le cheile. Nach aisteach an rud ar an gannchuid n'uair a tathar ag caint ar alcohol (agus drugai eile). Nach gcreidfea gurbh direach iadsan a mbeadh an ga de "rud inteach nios laidre" acu? Sin mo thuairimse, ar aon nos...

R.R.

Wednesday, May 10, 2006


(Chan m'oifig e seo)

Ta go leor caint ann faoi lathair fa dtaobh den air-conditioning aghainne insan oifig. Thug mise faoi dear' e n'uair a bhogadh chuig an chead urlair muid, ta cupla mi o shin. Oh, silim gurbh e a chead rud a thug me faoi deara na an boladh. An dtuigeann tu, n'uair a chuireanns tu thart fa 60 duine i spas beag agus seileal ghloine air, bhual, silim go dtugann tu faoi deara go gasta go bheil boladh airid ag achan duine. Ar ar an deagh-uair, cludaionn formhor acu an bholadh acu le giota beag dibholaioch. Anois, chan i bhfach dibholaioch mise, oir naoi nuair as an deich, cuireann siad gais CO2 insan atmaisfear agus chomh maith le sin, ba le bolaithe airid a rugudh muid agus seachas giota beag apres rasage no cumhran chan bheil se nadurtha bheith cludaithe le abhair eile nach nadurtha iad a' scar a bith. Ach ta suimh ann, mar a bheil ga ann le giota beag cumhran. Agus is insan oifig ceann de na priomh aiteachai sin.

Muicfheol, fion-gear, iasc: sin cupla rudai a chuirtear i gcuimhne aghat n'uair a teann tu isteach insan oifig anseo. Ansin, tagann na bolaithe eile chuig do phollairi: sean allas, caic, agus ansin arithist, boladh an eadochais, an lionn dubh. Bhuel, ta se sin bainteach giota beag nios mo leis an obair fhein na leis uile na bolaithe ata ann anseo chun taithneamh a bhaint astu.
Agus ar adhbhar nach bheil aithnithe agham go foill, chan bheil muid in ann a) na fuinneogi a fhoscailt no b) an air-conditioning a chur ar shiul...

D'fheadfea samhleamh goide mar a bholaionns an seomra i ndiadh an 60 duine thuasluaite a bheith ina suigh ann ar feadh lae ar fad.Agus i ndiadh cupla cupan caife a dh'ol. Agus b'fheidir go robh siad amuigh ar an bhaile an oidhche areir. Bhual, go gonta, cha boladh an rois ata ann.
_______________

(chan mise an duine seo ach an oiread)

Ta mise sinithe suas ar son suoimh idirlion inteach (chan bheil me in ann chuimhneamh direach cod chuige ar chuir me m'ainm isteach ar a shon ach beag beann) agus bimse ag fail, achan la, r-phost mar a bhuiltear ag moladh leabhrtha ur ann. Shil me ar dtus gurbh iad leabhrtha eagsamhalaa bheadh iontu. Ach braitheann se anois go bheil achan leabhair ann bainteach ar doigh amhain no eile leis an riomhaireacht. Chan bheil me cinnteach cod chuige ach a luaithe is a taim ag feiceail go bheil tiotal ar leabhair mar: Stat Crunch XX 10, Ed. 4422, 9. Excitment in Programming, is ansin a toisim ag smaointeamh gur b'fheidir go ndearna me botun n'uair a rinn me magadh fa dtaobhde dhaoine a roghnaigh innealtoireacht mar phriomhadhbhar insanollscoil (ach d'aimsigh me cupla bliain o shin, gur an rogha ceart domhsa a bhi ann n'uair a d'oirigh me le innealtoiri ar feadh treimhse. Chan ag magadh ata me n'uair a abrim go robh an tainm ar fhear acu "Pig" agus gurbh e an taon cumas amhain a bhi aigena an ainm ceana a sgriobh ar babhla an leithris ar doigh go hiomlan speisialta.)

R.R.

Monday, May 08, 2006

Cumarsaid…



(tomhais ce acu an bhainistaidheor...?)

Chuaigh mise ag smaointeamh, an la eile, agus mise i mo shuigh os coinne mo chomputair nach robh an obair agham direach chomh dona sin. Aisteach, cluinim thusa a radh, go bheil an duine sin ag radh a leithead fa dtaobh den obair aige, n'uair a chaitheann seisean an oiread sin de dh'ama ag radh an chodarsnach de rud an tam eile. Ach, gibe ar bith, sin rud fior. Caithfidh tu a bheith bhuioch a bheil aghat le bheith buioch as. Ag caint le mo dheirfiur domhsa, ta cupla la o shin, agus sise ag obair ina inteach a thabharfaidh me "Associated National United Systems" air, comhlacht ata ag ple le tele-cumarsaid agus foin-poca agus rudai mar sin. Bhuel, ta an bhainistaidheor ar an roinn ina bheil an deirfiúr aghams ag obair duine don ainm, abair, Hope. Ni Hope an ainm ceart aici ach chan ag cuartu cuiseanna dli ata me, agus mar sin, fagfaidh me ainmneacha ceart amach as an sceal seo. Ach de reir mo thaithise fhein, bionn daoine a bheil ainmneacha den cineal sin orthu, beagnach achan uair direach an codarsnach den ainm. Agus ta se sin fior fuithi fosta.

Sin direach an duine, n'uair a fheiceann siad go bheil daoine ag spraoi, ag gaire fa dtaobh de rud inteach mar shampla, ba mhaith leitha i gcomhnuidhe bheith pairteach ann. Ach a luaithe is a fheiceann sise goide ata tu ag gaire faoi, deaneann si iarracht chun stop a chur leis an iomlan.

Screadanna gaire agus glortha spraoiula
Hope, meangadh gliuailte ar na beola aici, mar cineal plaister - "Cod chuige a bheil sibh ag gaire?"

(I mo thuairimse, a luaithe is is ga duit an cheist seo a chur ar dhuine, b'fhearr duit direach tabhairt suas...)

Oibri - "Oh, tada. Bhi muid direach ag gaire fa dtaobh de rud inteach...."
Hope - "Yeah, cerbh e?" An meangadh ag eiri nios tanai, sinte mar chineal
sreang ag ceangailt an da thaobh den ghnuis aici.

Oibri - "Oh, eh, direach rud inteach a nduirt cara liomsa le duine inteach..."

Ta fhios agham, da mba thusa an duine a bhi i ndiadh teacht thart agus cha robh tu eolach ar a robh daoine eile ag radh, imeofea leat oir char mhaith leat butail isteach i gcomhradh de chiud daoine eile. Ach, leis na daoine seo, chan bheil se sin an chas.
An oiread a feachuinn tu le hiad a choinneail amach as an gcomhradh aghat, s'amhail an oiread is mo a dheananns siadsan iarrachtai chun teacht isteach ann.

Hope - "Ce an duine sin?"
Oibri - "Oh, direach... e... cara liom..."
Hope - "Oh? Ce go direach?"
Oibri - "Eh... direach, cara.. Uhmmm, Dave is ainm do.."
Hope - "Agus, cad a duirt se?"
Oibri - "Eh... rud inteach fa dtaobh den madadh aige..."

Gair de chuid na hoibrithe ata suite thart timpeall. Gaire neirbhiseach...

Hope - "Ah...na madaidh. Ta fhios aici go ndeachaigh sise ro-fhada.
Ach b'eigeann dithi an bua a fhail. “Na madaidh….”

R.R.

Giorruchain...

Chuala me le goirid rud inteach a bhi an-shuimuil domhsa: n'uair a abraionn duine inteach "see you next Tuesday" leatsa, ta siad ag feachail le rud inteach eile a radh leat seachas go bheil fonn orthu tusa a fheiceail ag an Mhart beag seo chugat. Ta rud inteach eile ar an intinn acu.
Bhuel, ba rud inteach ur e seo, domhsa, gan amhras, agus chuaigh me ag smaointeamh go bheil abairti eile de dhith orainn den cineal cheana. Samhal, ar feadh bhomaite, go mbeifea abalta rudai nios faide no nios cruaidh a radh le daoine ar an doigh seo... Agus da mba rud e, go mbeadh an meid a bhi le radh aghat ciallmhar mar abairt fosta....

"Conas ata tu?"
"Fine, I'm nearly excellent."

Agus ar an doigh sin, bheifea i ndiadh an fhocal "fine" a litriu leis na litrithe tosaigh desna focla sin. Goide fa dtaobh de sin:

"Conas ata tu?"
"Fine, usual crap. Kindly, yank off, underling!"

Ar an drochuair, ta an pointe suite insan ionad micheart ar son an abairt a roinnt nios ar dhoigh slachtmaire. Ach ar aon nos...

Sin rud nios casta:

"Oh, a shaoiste, ta an cuairteor anseo."
"Oh right, well ... Go over and show him into the enclosure."

R.R.

Friday, May 05, 2006

Politiocht oifige - cuid a da




(Ta bainistaidheoir maith ag cuid de dhaoine...)

Fa dtaobh de rudai ata tarleamh insan oifig, ta mise den bharuil nach coir go mbeadh cead ag do bhainistaidheor bheith ag cur ceisteanna ort fa dtaobh de do bheatha fhein. Muna bheil tusa i ndiadh an eolas sin a thabhairt doibh, goide an fath go bheil siad ag smaointeamh go bheil cead acusan fiafraigh diot a leithead de rud?

Ta se sin i ndiadh tarleamh domhsa da huair agus ta me dubh doite leis. An chead turas, bhi me i mbun rud inteach a dheanamh agus, tharla nach robh go leor eolas agham fa dtaobh de roimh re, ag an deireadh cha robh se deanta mar ba choir. Bhi me direach i ndiadh an comhad a chur chun mo bhainistaidheor agus sise i ndiadh a leigheamh. Is doiche gurb shin an chead uair ariamh a leighaigh sise r-phost a chuir me chuici chomh gasta sin. Bhi mise direach ag toiseacht ar rud inteach eile agus go thobainn bhi cineal mothuchain agham go robh duine inteach eile ann. Cha duirt an bhainistaidheor tada no go chas me thart. Agus ansin, bhi meangadh uirthi a chuirfeadh masmas ort. Cineal fe mar n'uair a fheiceann tu moncaidh ag ithe a chuid caic fhein. Smaointeann tu direach: "ta rud inteach micheart fa dtaobh den phictiur seo..." Don chuid is mo, feadann tu bheith cinnte dearfa ma ta meangadh ar do bhainistaidheor, ta rud inteach ar shiul aige... ta se contubhairteach mar sin.

Ach cibe ar bith. Togadh isteach i seomra me, le go mbeadh seans ag mo bhainistaidheor an ceistiuchan ceart a chur orm fa dtaobh den amaidi a rinn me. Os rud e nach robh me cleachta leis an cineal rud sin. Cha robh me ag fuireach le go mbeadh sise chomh direach lan le fuath si a bhi si. A bheil fhios aghat, bhi se direach mar a ta se insna pictiuri n'uair ata an saighdiur bocht da tharraingt isteach i seomra beag le solas geal amhain ata dirithe ar a cheanaghaidh. Ach cha robh deis caite tobac agham.

"A Richard, choir. A bheil fhios aghat cad fath ar thug me isteach anseo thu?"

Chan bheil, a ta fhios agham nach Ce-a-rinn-e ach an oiread a bhi ann agus charbh mhaith liom daoine ata creidbhail gur feidir leofa deilgheail le daoine eile fe mar go mbeidis ina gcinnfort polini.

"Eh... chan bheil..."

"A' eil fhios aghat an tionscadal a d'iarr me ort a dheanamh?"

"Go dearfa."

"A bheil tu creidbhail gur jab maith a rinn tu?"

"Bhual, rinn me mo dhicheall. Cha robh moran ama agham...."

"Ach, muna robh tu cinnte cad a dheanamh, cad fath nach rinn tu ceist a chur ar duine inteach?"

"Bhi me cinnte... ach.."

"Fuist! Fuist, a stoir." Go follasach, bhi an ioroin ina arm tabhachtach dithi. "Chan bheil me sasta le do hobair." Sracfheachuint lan le fein-tromchuiseacht...

"Ach ar rinn me botun go ruige seo?"

"Fuist, fuist." Sracfheachuint eile.

"Cheap me ar dtus go robh tusa i d'oibrai maith... Agus anois, caithfidh me breathnu aris ar a dhearna tu... Abair leat, an bhfuil fadhbanna pearsanta aghat de short eicinnte?"

"Uh... chan bheil..."

Ciunas.

"Right...." Osna.... "Ta me ag dul seans eile a thabhairt duit, oir ta tu i do bhall nua den fhoireann. Ach ni mhaith liom go dtarlodh a leithead arithist ariamh."

"Eh... Ceart go leor ach..."

"Imigh leat." Sracfheachuint dheireannach dramatuil.

Go follasach, bhi me i ndiadh cheacht a fhoghlaim.

R.R.

Thursday, May 04, 2006

Politiocht oifige





Ta muid uilig ag feachail lenar obair a dheanamh ar an doigh is fhearr is is feidir linn. Chan bheil aithne agham ar dhuine ar bith anseo ata ag iarraidh an piss a tharraingt as duine ar bith eile da gcomhoibrithe. Ach ta daoine fos ann ata chreidbhail gur shin an suiomh agus go gcaithfidh tu bheith chomh curamach faicileach sin le nach dtogfai tu gan choinne ag duine ata ag iarraidh lamh an uachtair a fhail ort.

Ar adhbhar nach bheil aithnite agham go foill, is iad siud na daoine a bhionns i gcomhnuidhe ag fail na bpost is airde i gcomhlachtai (seo thios, pictuir de m'bhainisteor, go gairid i ndiadh di rapprochement a dheanamh leis an Iarthar). Tharlaionn se sin, is docha, oir den chuid is mo is daoine iad gan moran de mhaithe acu a thabhairt don tsaoghail agus mar sin, ta siad reidh chun gibe rud a bith a dheanamh ar son a theacht ar aghaidh agus suas.

Ach is uaigneach mullach an tsleibhe, agus mar is minice ta na daoine a thaganns ar aghaidh i gcomhlachtai daoine a rinn gach cleas ata ann chun e sin a dheanamh, agus a chur achan da gcomhoibrithe fa chois ar a' mbealach suas. Ach faigheann siad amach ag pointe airid nach bheil moran daoine fagtha i gciorcal na cumhachta. Is thart fan ama sin go dtagann siad thart ar do dheisc ag feachail le beagan cabaireacht a dheanamh leis na cos-muintir.

Ag bomaiti mar sin, mas urrainn, is fiu dul go tapa go dti an leithreas no cibe tearmainn eile ata ar faghail duit. Ach chan bheil se sin feideartha i gcomhnuidhe. Tharlaionn se, o am go cheile, go gcaithfidh tu teangbhail a dheanamh leis na samplai thraumhealacha den cine-daonna sin... teangbhail a eirionn nios measa de reir mar a fheachainn to bhainisteor a bheith cairdiuil. Teann siad i gcomhnuidh dh'ionsar do dheisc leis an gcuma orthu, direach, cineal, 'Hey, I'm relaxed. Ta achan rud, cineal flowing thart timpeall orm. Chan aintighairna mise a chor a bith... Ta sibhse i ndiadh na signals go leir ata mise a scaipeadh a misinterpret. Sin an fhadhb a bhi aghatsa all along, man' (no bhfeidir dude fius!) 'Creideann tusa is docha gur duine turgid agus uninteresting me. Ach ta tu ag cailleadh an "mise eile".'

Agus i mbeagnach gach cas, bhi an cheart aghat an duine "eile" sin a sheachaint amach is amach. Ta an duine "eile" sin lan le 'Hey man' agus 'How's tricks on cloud 99?' agus a leithead. Mad stuif, dairireabh, agus ag an edge. Chomh ag an imeall sin, i ndairireabh, no gur mhaith leat ruith ar shiul chomh luath is a thaganns an duine sin isteach insan tseomra. Bainneann daoine mar sin usaid fhluirseach as an abairt "coola boola". N'uair ata siad sleamhnaithe chomh fada le do dheisc, suionn siad sios air faoi mar a niodh sean-chara de do chuid. Sileann siadsan gur chomhartha deas e sin de, direach goide chomh cairdiuil is ata "muid". Ach sileann tusa, "Ta do caic-faisceoir i bhfad ro-chongareach domhsa ar son an dis dinn, a fhascist caic-itheoir thu."


"Oh, eh, Rodge... Rupert..." Ni chuimneach leisean goide t'ainm, dar ndoighe.
"Richard." ar tusa.
"Right, Richard, go deimhin... conas ata tu?"

I d'intinn deaneann tu iarracht chun cuimhneamh ca huair ar labhair tu leis an duine sin riamh roimhe...

"An bhfaca tu an footy inde?" ar seisean/sise.
"Cha robh match ann inde."
"Right..." Cuma mhachnamhach air/uirthi. "But, I mean, that Ronaldinho has a real... eh... good pair of feet... right?"
"Heh, right." Nionn tu iarracht do shuaimhneas a choinneail ach ta fhios aghat go bheil an do charraiste i ndiadh dul isteach ar chursa do-athrithe i dtreo an tuafas. "Sure does." Meangaire lag de do chuid.

Teann a dha no a thri bhomaite breise thart. Ta achan duine eile i do mhorthimpeall ag coimhead ort ag suil le do chead fhreagra eile. Ta do shnua ag eiri dearg. Ta do chreidmheasa ina sul ag tra ag rata millteanach gasta agus cluinseann tu gach buille an chloig. An bheil ort bheith cairdiul leis an anmhi corporaideach sin, no an e sin a 'n uair a thosnoidh tu an reabhloid oibritheora? Ta sin uilig ag rith thart i do chloigeann agus an allas ag toiseacht ar a bhealach sios do mhuineail. Agus, direach 'n uair ata tu creidbhail go bheil an am i ndiadh stopadh go hiomlan, agus ta an fhuil ag preabadh i do ghruaidh ar nos innil gaile, seaseann se/si suas a radh:

"OK, whoow. Better get back to the old obair..."

Chuckle non-committal eile de do chuid agus ansin an faoiseamh, mar a shiubhalann an bainisteor ar shiul uait. Phew. Ta se thart agus gan a bheith ort a bharraiocht comhradh a dheanamh. Char thoisigh tu reabhloid oifige, dar ndoighe, ach cha ndeachaigh tu isteach i gcomhradh ceart ach an oiread. Anois feadeann tu dul sios go dti an leithreas agus beagan grianaiocht a dheanamh i do uirisliu... ? Ach, g-g-g-goide? T-t-t-t-ta se/si ag teacht ar ais... Oir, ta fhios aige/aici nach ndeachaigh achan rud mar bhi se/si ag duil. Bhi sise/seisean ag lorg comhradh meaningful agus deas a bheith aice/aige leat. Agus cha ndearna tusa ach dul frid na motions. Anois, caithfidh se/si an suiomh (agus a g(h)nuis) a shabhail beaganin frid tusa a uirisliu go gasta (comhartha chumhachta, e sin, a chuirfeas meas mor ar na doine thart timpeall airsean/uirthisean):

"Oh, one last thing, a bhfeadfea an tuairisc sin a thabhairt domh a.l.a.i.f.? Chonnaic me go robh botun mhor sna cupla cinn deireannacha a thug tu dhom..." (a luaithe agus is feidir, lame, ta fhios agham ach ta an leagan bearla lame chomh maith.)

R.R.

Wednesday, May 03, 2006

Rudai a chuireanns isteach orm...

Fa dtoabh de rudai mar sin, ta ceann de na rudai is mo chuireanns isteach orm na daoine a mhothaionn go gcaithfidh siad gach botun litiuchain a chearteamh i gcibe ait a thugann siad fa deara iad. Is iad siud na daoine a bhionns ar bhior a luaithe is a fheiceann siad botuin gramadacha fius ma ta se in ait nach choir duit bheith a lorg ann.

Pastor - "Dearly beloved, we are gathered here today to mark the passing of a special friend, Rover, who (yadda yadda yadda) and to joyfully mark this event..."
Anal-coinnealach feintruailleoir - "Ahem... I think you meant to say, 'to mark joyfully this event'."
Pastor - "Ehm...Excuse me?"
Anal... let's just say ACF - "No, oh I'm sorry. No, it's just that you split your infinitive..."

Agus rudai a bhfuil dluthbhaint aige leis sin, an cineal meagaire a ta orthu n'uair ata an bua sin bainte amach acu. Direach mar duine gealta a ta tar eis pisseail air fhein agus ata sasta fa dtaobh de.

R.R.

Tuesday, May 02, 2006

Rud suimuil on fhocloir...

áird, f.: gárb áird duid? - whence did you come? (Far. - SgÓir 54)

Bialainne


Direach ar ais on mbialann is gaire don ait mar a bheil me ag obair. Turas amaideach a bhi ann agus amhail is docha go leor do mbur taithaithe bialainne fosta. Chuaidh muid isteach insan chead bialann (leigh tu i gceart e, chuaidh muid isteach i nda bialainn) agus ni ag inseacht na mbreag ata me n' uair a abrim nach robh duine ar scor ar bith ann, seachas dis no triur a bhi a dh'ol a gcaife. D'fhag se sin go leor boird eile duinn agus mar sin shuigh muid sios ag bord amhain agus, tharla gur ba thriur muid, bhruigh muid bord eile a bhi lamh leis beagan nios gaire chun an bord againne agus bord nios mo a dheanamh den dha. ACH, is ansin a thainig an frestalai sios chugainn agus le giota beag nios lu fuath in a ghuth na mar a bhi i nguth Reagan n'uair a bhi se a chaint ar na Commanaigh, dubhairt si:

"You can push your seat around." (ie. ma chreideann tu gur feidir leat na suiochain seo a chur insan ordu is ansa liom, feadeann tu fosta aon de na feidireachtai seo a leannas a thoghadh (a) ma se do thoil e, sa do cheann isteach i do thoin ag an da luas, no (b) ma dheanann tu teangbhail de short a scor a bith leis an bhord arithist, cuideochaidh me leatsa ceim (a) a dheanamh.)

Ciunas.

Cha dtuig muid direach goide a bhi i gceist ag an fhreastalai. Ba muidne na chustaimeiri, ar dheireadh na dala, nach robh? Ach ansin, d'eirigh se soileir go robh si ag iarraidh a radh linn, nach robh cead againne bheith ag imirt leis na boird a bhi sise i ndiadh a chur i nordu. Mas ba triur a bhi againn, bhi orainn ar mor a dheanamh den bhord a bhi ann agus gan na boird a chur fite fuaite le cheile. Bhruigh si an bord (ag deanamh cinnte dearfa gur bhruigh si ar leataobh duine den chuideacht fosta) ar ais mar a robh se sular bhog muid e agus, direach mar da mbeadh fonn uirthi an pointe sin a shoileiru duinn a thuilleadh, n'uair a thainig cusaimeiri ur isteach insan bhialann, thaspain sise iad chun an bord sin fosta. D'fhag muid an bialann gan rud a bith a cheannacht agus chuaidh muid chun aite inteach eile.



Charbh fhada ansin duinn no go robh athas orainn oir bhi achan duine ann iontach cairdiuil agus fuair muid bord a bhi ar ndothain spas ag dul leis arson achan duine dinn. Maith go leor, a bhi muid ag smaointeamh, Sin ait ata nios fearr na an poll a robh muid ann ar ball. Mar sin, ba le giota beag fein- sastachta a rinn muid an ordu a thabhairt don freastalai an uair sin: aon cais-omlette, aon burger le hanlann piobare air agus ordaigh mise pizza le breise anchovies uirthi.

A' eil fhios aghat, n'uair ata tu direach i ndiadh taithi uafasach a bheith aghat in aite inteach, agus teann tu chun aite inteach eile chun theitheadh uaidh, is minic a chreideanns tu go bheil an ait ur nios fhearr na mar a bheil se i ndarireabh. Is a bheag no a mhor e sin a tharla ansin. Is docha gur iad na hanchovies a chur me chun smaointeamh nach robh achan rud direach chomh fucking rosy is a shil me ar dtus. Thainig an pizza amach agus, caithfidh me a radh, bhi cuma millteannach blasta uirthi, lan le anchovies agus giota beag ro-chocailte, chun crusta cnagarnach a thabhairt dithi. Mar sin, cha dtuig me no go robh se ro-fhadalch go robh an oiread sin salainn ar an phizza gurbh fheidir miol mhor a nimhigh leis. Ach a luaithe is a bhi nios mo de ite agham, thoisigh me bheith giota beag amharus fa dtaobh dem bholg. Cha robh rudai ag dul mar is ga.
Agus ansin, thog mo chomh-itheoir faoi deara go robh an omlette
aici giota beag ro-chruaidh. Agus an burger a bhi ag an duine eile
dinn iontach beag. Agus bhi blas den leacht- glanadoireachta ar na
gloini.

Agus nuair a thainig an bille bhi iontas an domhain orainn nuair a chonnaic muid goide chomh costasach is a bhi si:

- 1 omlette (le chips)........................ EUR 14,95
- 1 burger (de luxe) ........................ EUR 15,95
- margarita pizza (le hanchovies)... EUR 13,95
- 1 uisce (suilineach) ........................ EUR 2,95
- 1 gloine fion dearg (uafasach)....... EUR 5,00
____________________________________

An suim: 52.80!

Is leor a radh nar fhag muid moran tip inar ndiadh.
R.R.

Rud suimuil on fhocloir

támhach, adj. - empty, weak for want of food; bró thámhach - empty stomach (Far. - SgÓir 117); cha dtuigeann bró sháitheach bró thámhach (Far. – SgÓir foclóir sub támhach) – the full stomach does not understand the empty one [recte the busy quern does not understand the idle one ?] (Or. proverb – ONL sub empty; Om. - Din2)

Deoch laidir agus obair

Ta mise istigh ag an obair indiu agus ag feachail le tad ar scor a bith a dheanamh. Ta beagan de bhiotailte insan tarraiceán agham. Biotailte millt'each dona ach ni se an gnoth ma's riachtanach e.

Is rud iontach contubhairtea' e biotailte a bheith i do thairraicean oir a luaithe is a ta fhios aghat, beidh deorin olta aghat agus ansin, is deacair a stopadh. Ach ar doigh, silim go gcaithfidh se a bheith ina riachtanais oibre, buideal a bheith aghat ar son am prainne.
Is lia an nuair a bheifea ag teacht ar ais chun do dheisc i ndiadh cruinneamh go hiomlan dicheilidh a bheith aghat agus a shilfea: maise, "Níl aon deor dá bhfaighinn nach ligfinn síos, Ar eagla go bhfaighinnse bás den tart." D'fheadfea "... den amaidi criochnaithe anseo" a chur leis na linte seo.

Is cuimhnea' liom uair amhain ata greanta i mo chuimhne. Bhi muid uile suite timpeall an bhoird insan tseomra chruinnithe ag deanamh beagan de chomradh fa dtaobh de rud inteach ata chomh hiomlan neamh-thabhachtach le ba mhaith leat. B'i an chonspoid an uair sin fa dtaobh de cerbh e an diofair eadar seachadadh birt le ultra ultra luath-phost, agus ultra ultra ultra luath-phost. 'Nois, i mo thuairimse, chan bheil dad de dhiofar eadar an da rud seachas go bheil aon costas ag baint leis an darna diobh da huair nios airde na leis an chead rud. Dubhairt an neach sa phost liom a rud ceadna n'uair a bhi me a fhiafraigh fa dtaobh de. Agus ba shin leir on breacadh-sios a thug se domh chun taispaint don "team". Agus, tharla nach robh deifre ar bith ann leis an mbeart airid seo gad chuige an mbeimis ag tabhairt airgid amobha ar son tada? Bhual, cha robh me ag fuireach leis an cineal corr-loighic ata ann n'uair ata politiocht-oifige i gceist. Oir, is cineal cath ata insna criunnithe oifige. Fan go bhfeice tu an bheil aithne aghat ar a leithead de chomhradh seo a leanas:

(Mise) - "Ach, goide an sgeal duinn a bheith a tabhairt an oiread sin airgid amobha, muna bheil se riachtach? It doesn't have to be there soon anyway?"

(Man of French origin, let's say Jean Paul. Is futsa an canuint Fhrancach a dheanamh) - "But, that doesn't matter... There is a difference in the services and I WANT TO KNOW WHAT IT IS?"

Seo an chead coisceim sa dannsa bheag dheas seo. Deanainn duine den cuideachta iarracht airde na ndaoine eile a tharraingt chuige frid pointe dhicheilidh a throid ar son taispaint go bheil esan "dairireabh" fan obair.

(Duine inteach eile) - "Bhual ta pointe ag Jean Paul. We really should investigate all the options.

Sin an darna coisceim: tuiteann duine eile isteach insan gaiste frid aonteamh leis an chainteoir. Nionn siad e sin ar go leor adhbhair: 1) chun taispaint nach robh siad ina gcodladh ach ag eisteacht go fonnmhar le gach a robh le radh ag an chainteoir (agus na cainteori eile, dar noighe)(2) chun adhmaid a bhaint as aon chlu a bhfeadadh an chainteoir a bhuachant as an pointe dicheilidh a thogail (3) ta fhios acu go bheil an duine a thog an cheist ina dhiaspoiri criochnaithe agus go bheil cluas na bainistaidheachta agus leis sin na neisteoiri eile aigesan, gidh go bheil na moltai a chuireans seisean faoi bhraid acu naoi nuair as an deich go hiomlan dicheilidh agus gan bhuntaiste ar bith.

(Arithist duine eile) - "Yes, erm, not sure. I mean, what if there were extra costs associated with the Extra Swift Post?"

Ag an pointe sin, ta dis ann ata i bhfabhair an phointe ach ag cruinnithe, caithfidh a chuimhneamh gur luachmaire dis ag caint na 10 ina dtost. Agus, leis sin, muna bheil tu ag iarraidh bheith taobh amuigh den ciorcal, ta feidhm aghat taobh a roghneamh. Agus, rud eile: ma bhi bhi duine inteach insan chruinneamh ag smaointeamh ar run inteach eile ar feadh na diaspoireachta agus direach ag tuneail isteach anois, toghfaidh se/si go huathoibrioch taobh na droinge is mo no is callanaigh.

(Mise) - "Ach ta se sin direach ag cur ama amobha. Ta na costaisi uile aghainne cheana. Feach ar an paipear sin. Ta se..."

(Jean Paul) - "We know that. But we must find the best option. We simply must. This goes to the heart of what makes this place work. I for one, suggest we get the opinion of Finance. They have insight into this stuff. After all, before we roll out, we have to roll up. (Buille sul, lan le cheili formhothaithe).

Agus sin aghat e. Cha nionn se diofar fiu ma ghlacann "siad" leis do mholadh i ndiadh sin. Ta an cruinneamh buaite. I bhfaiteamh na sul, ta tusa i d'amadain mor agus ta an bua ag an duine eile. Is thart fan ama sin agus tusa ag coisaiocht ar ais chun do dheisc le mhine mishasta aghat go bheil an deoch uait. Ach ta na deochanna amhain ata ar faighail duit no caife agus te. Agus ansin, i ndiadh a cheithir no a chuig de chupan te/caife a bheith olta aghat, chan bheil tu in ann rud a scor a bith a dheanamh. Mas feidir, teann tu chuig an leithris chun oisce fuair a chaitheamh ar do ghnuis chun cuidiu leis an chroithechan a thoisaigh 'n uair a dh'ol tu an cuigeamh cupan... Is ar an adhbhar sin go gcreidim go mbeadh se nios ciallmhaire leagaint do dhaoine deoirin beag di laidre a chaitheamh siar o am go cheile insan obair...
R.R.

Rudai nach choir duit 'bheith a chaint orthu...

Cad chuige, n'uair ata tu i measg daoine a gcreideann go bheil siad chomh politiocht-cheart is is feidir, nach bheil tu abalta rud a bith a radh fa dtaobh den organ ghneasach bhainninscneach...
Oh, go dearfa, feadann tu cibe rud a bith a abair fa dtaobh den bhod... bhual, taobh istigh de theorainneacha airid, ach beag beann.. Ach 'luaithe is ata rud a scor a bith raite aghad fa dtaobh den bhfaighin, s'e coisceim ro-fhada e sin. Feach ldt ar an sampla seo thios:

"He's a dick, a real dick..."
"Yeah, too right."

Agus ansin, leis an organ bhainninscneach:

"He's a real vagina, that guy..."
"Eh... yeah.... um... whatever, you sick pervwipe."

Ach cad fath? Cad chuige an bheil muid sasta taggairt a dheanamh ar an bhod ach ma nionn tu an rud ceannan ceana leis an organ bhainninscneach bionn tu i do shaofoir chriochnaithe? An bheil aon diobh nios fhearr na an rud eile?
R.R.

Gluaiseacht sna troubhseraí

Fa dtaobh de na rudai ata tarlu fa lathair ag an obair. Agus mise dha dheanamh, thoisigh me ag smaointeamh fa dtaobh de rudai eile ata bheadh do-ghlacthe i gcuideachta modhuil. Thoisigh me ag smoainteamh, mar sin, nach cheart no choir do fhir bhei' ag athshuaicheadh a bits i naiteachai poibli. Gidh go bheil uile an eolais aghainne fa dtaobh desna codanna eagsula ata "sios" sna briostí, ni choir duinne bheith a dteangbhail no go bheil muid i naite priobhaideach... Nach eadh?

R.R.

Bainistaidheacht

Cad fath an ndeantear, go ginearalta, chan i ngach cas go dearfa, bainisteoiraidh de dhaoine nach bheil (a) in ann a gcuid mhéir a choinneail san ordu cheart (b) AGUS nach bheil cairdiul no cool ar doigh ar scor a bith?

Modhanna sa leithreas

An tabhacht ag baint le modhanna: silim fhein go bheil diofar ann idir (a) bheith i mbun do zip a fhoscailt ar an bheallach chun an leithris in ait inteach poibli, ag an obair mar shampla ... bhual, ni insan corridor cheana ach cuir i gcas go bheil tu insan leithreas cheana ach chan bheil tu sroichte ag an urinal no istigh insan seomra beag go foill... ACH, ma nionn tu an cineal ullmhuchain sin sula dteann leis do chrois, ag dul chun teachtaireacht nios thoirtuil a fhagail i do dhiadh, 's e sin rud nach bheil cead ag duine ar bith a dheanamh. Ta diofar ann, silim.... Direach smoainteamh ar son smaointeamh a dheanamh air...

R.R.

Biadh... cineal

(Beile Flaithe Chlainne 'ic Shuaibhne)

Direach heis faighail amach go bheil an biadh thart fan aite seo beagnach nios measa na in ait a bith eile ar an domhain. Do- chreidte. Chuaigh me fa choinne biadh ta uair a chloig ar ais chun an bialainn sa phairc-earnala seo agus mothaionn se fe mar go mbeadh 2 kilo bricks i mo bholg.
Ca bhfios ach gur bhfeidir pratai a chocail sios go dti go robh siad chomh cruaidh le cloich agus direach ansin chips a whittle astu...

R.R.

Strus agus panaic


Indiu, an triu la ar ais ag an obair agus bha se ag dul go maith reidh suas gur thoisaidh an chead ionsai-panaic. Chan bheil me cinnte dearfa goide an fath gur bhfuair me e ach is docha go bheil baint ag sin leis an easba chodail agham. A bharraiocht caife olte agham comhcheangailte le bharraiocht alcohol fosta. Chan bheiltear ag caint ar sin n'uair a labhraíonn siad fa dtaobh dena hiarmhairtí diultacha den alcohol. Ach cibe ar bith.

Nach robh an obair dona go leor gan an strus seo?
R.R.

An Idirlion

Is e rud a chuireanns gliondar ar mo chroi go bheil an idirlion ag breith saoirse don saol culturtha frid rudai ur o thar learr a chur ar staiste ata foscailte do chach. Ach s'e an ceist ata aghamse fa dtaobh de, an bhfeil se ag cur a bharraiocht cultur ar faighail duinne? Bhi mi feachail le goirid ar an suiomh G**gle Earth agus bhi me coimhead ar aiteachai a robh me ann agus nach robh me ann ariamh agus mhothaigh, i ndiadh cupla bhomaite a chaitheamh ann go robh rud inteach a dhith on experience ar fad. S'e b'fheidir, nach robh me insan ait, agus cha robh na daoine ag bogadh, ag tarraingt anail no ag coimhead ar ais chugam. Cha robh tada a scor a bith a tharlu ansin. Chaith me isteach an towel leis i ndiadh fiche bhomaite no mar sin a chaitheamh ann. Bhi me tuireach de. Is millteannach maith bhei' in ann aiteachai ar fud a' domhain a feiceail ach direach mar a tharlaionn leis na cheap airlines ar fad ata ann anois ma ta se ro-furasta, chan bheil an draiocht ceudna ag baint leis.

R.R.

'S e mBur mBeatha!


'S é mBur mBeatha chuig an Ridire Risteard!


Tá an suíomh seo dirithe ar daoine a bhfuil suim acu i nGaedhilge agus ar mhaith leofa bheith ag caint agus ag sgriobh as an teangaidh iontach sin ach nach bhfuil suim acu i rudaí gaedhlacha amhain no i rudai gramadacha ar scor a bith. Mar sin, fearaim fáilte roimh chách ar mhaith lei/leis teachtaireacht a fhágail anseo.

Seo daoibh an suíomh.

RR