Wednesday, May 17, 2006

La eile, caic cheana...

(Bainistaidheacht: prionsai i measg na ndaoine...)


Ta poit agham indiu i ndiadh oidhche bhrea a chaitheamh insan phub "The Long Hall". Ba oidhche, mar a duirt me, mhaith a bhi inti. Bhi mise an in eindi le cara o thar lear agus muide a dh'ol pionta leanna duibhe. Bhi muid ag caint ar rudaí eagsamhailte ar feadh uaireanta agus n'uair a chuaigh mise ar son teacht chun bhaile bhi me olta go leor. Is docha gurbh e sin an fath nach robh me ag smaointeamh go mbeadh se chomh doilligh is a bhi se eiri ar maidin.

Ag an obair domhsa arithist agus ag feachail le dul i ngleic leis an bhfiric go bheil me timpeallaithe ag daoine ata ag feachail le dul i ngleic le bhfirici eile, firici nios bunusai mar "an e an fath go bheil me a dh'obair anseo na go bheil orm cuir isteach ar dhuine inteach ur achan bhomaite ata me anseo?" agus "b'fheidir go gcaithfidh me m'iongai a pheinteail arithist."

Seadh seadh. Bhi mise ag amhairc ar an scailean agham agus ag déanamh beagan machnaimh ar goide a n-iosfainn ar son mo bhricfeasta n'uair a fuair me r-phost on bhainistaidheor agham ag fiafrai diom, goide an sgeul fa dtaobh den proiseict a bhi eadar lamha agham. Bhual, chan bheil me iontach eolach ar rudai den leithead seo ach chomh fad's is eol domh, chan octaipus mise, na riomhaire, na robot, na rud a scor a bith a bfheadfa comparaid a dheanamh leis.

Ach rinn me mo dhicheall mar is abhaist... bhuel, sin rud eile... ach rinn me mo dhicheall mar a dheanaim n'uair is mian liom. Agus sin deireadh an sceil. Is rud a chuireanns aobhneas ar mo chroí afach go bheil fhios agham go bheil daoine ann a bheil mo churami a gcurami uilig; daoine a chuireanns mo shochar roimh achan rud eile. Ta an tiotal "bainistaidheor" ina chineal ord onortha, direach mar ata Ord an Ghairteir. Cineal eagsamhailte, iad, cine de thaosigh agus rithe... prionsai i measg an chine daonna.

Ar an taobh mhaith afach, fuair me r-phost o eagarthoir an foclóra Gaedhilge Oirthear Uladh chun radh go robh cead agham sleachta den obair iontach sin a usaid insan bhlog agham. Maith an rud e. Maith thu a Chiarain choir!

Seo daoibh sliocht eile:
ceart, m.: maor cirt - an arbitrator appointed in the mountain districts of Tyrone to decide disputes that arise amongst those who have grazing in common (Tyrone - Din1, Din2)

0 Comments:

Post a Comment

<< Home