Friday, May 12, 2006

Deoch laidir agus araile...

("Níl aon deor dá bhfaighinn nach ligfinn síos,Ar eagla go bhfaighinnse bás den tart..." C. B. Mac Giolla Ghunna)


Mo chreach~ ... Mo righocht! Bheirfainn mo righocht don bhainistaidheor a habrodh go robh cead olta aghainne agus muide ag an obair. Ta muid i ndiadh bheith a caint ar an pointe seo i rith cruinneamh a bhi aghainne ta cupla lae o shin. Agus, i ndiadh cupla a mhalairteamh agus a leithead de mhionchaint a bheath aghainne, dubhairt an bhainistaidheor go criochnach nach robh cead aghainne deochlaidir a bheith aghainne ag an obair.

Bhual, is pointe suimuil e seo, oir ta cupla difear bharuil ag daoine fa dtaobh den deoch. Braitheann fe mar go bheil se seo maith go leor ma ta tu ag obair insan earnail margaiochta ach chan 'eil se sin maith go leor a scor a bith ma ta tu ag obair insan earnail cruthaidheachta. Agus ta se sin ciallmhar, d'fheadfea a radh. Ta na daoine ag obair ag margaiocht an tairge agus ag caint le daoine margaiochta de chuid comhlachtai eile. Ta na daoine ata ag obair insan monarcha freagrach as cailiocht an tairge fhein.

Ach, i mo thuairimse ta da rud ann a fhagann go dtagann se sin uilig salach ar a cheile. Insan chead ait, ta na daoine uilig ata ag obair mar laithritheoir den chomhlacht i gcomhnuidhe ina amadain morchuiseacha. I gcomhnuidhe. Ta daoine ann a d'aistrigh on roinn ina bheil mise ag obair chun na ranna margaiochta agus a d'athraigh o daoine normalta go leir go dti daoine go hiomlan trina cheile. Thoisigh siad go tobainn a bheith ag caitheamh fake tan orthu fhein leis an sluasaid agus a bhfeisteamh i neadai Dolce agus a charaid, i bhfaiteadh na sul ... agus is ar na garsuin ataim a chaint. So, teann siadsan amach leis a gcuid comhoibrithe ar son a gcuid loin-meisciula agus ag sportail a gcuid fake tans agus is iadsan, na daoine ata ag cuir i lathair an chomhlachta. AGUS ta siad chomh olta le tiomanai an 84 bhus insna hochtoidi... Maise, is docha go bheil me ach i mo dhuine shoineanta ach is mo thaithi fhein go bheil se 'na smoainteamh dhona, amadain agus alcohol a chur insan aitreabh cheana. Aidh, is daoine mi-thrustmhara na daoine margaiochta...

Ach, ta na daoine ag obair go cruaidh insan oifig cruthaidheachta gan cead a dh'ol ce gur iad an chroi na cruthaidheachta ... iad na daoine a chuireanns an rud go leir le cheile. Nach aisteach an rud ar an gannchuid n'uair a tathar ag caint ar alcohol (agus drugai eile). Nach gcreidfea gurbh direach iadsan a mbeadh an ga de "rud inteach nios laidre" acu? Sin mo thuairimse, ar aon nos...

R.R.

0 Comments:

Post a Comment

<< Home