Thursday, May 04, 2006

Politiocht oifige





Ta muid uilig ag feachail lenar obair a dheanamh ar an doigh is fhearr is is feidir linn. Chan bheil aithne agham ar dhuine ar bith anseo ata ag iarraidh an piss a tharraingt as duine ar bith eile da gcomhoibrithe. Ach ta daoine fos ann ata chreidbhail gur shin an suiomh agus go gcaithfidh tu bheith chomh curamach faicileach sin le nach dtogfai tu gan choinne ag duine ata ag iarraidh lamh an uachtair a fhail ort.

Ar adhbhar nach bheil aithnite agham go foill, is iad siud na daoine a bhionns i gcomhnuidhe ag fail na bpost is airde i gcomhlachtai (seo thios, pictuir de m'bhainisteor, go gairid i ndiadh di rapprochement a dheanamh leis an Iarthar). Tharlaionn se sin, is docha, oir den chuid is mo is daoine iad gan moran de mhaithe acu a thabhairt don tsaoghail agus mar sin, ta siad reidh chun gibe rud a bith a dheanamh ar son a theacht ar aghaidh agus suas.

Ach is uaigneach mullach an tsleibhe, agus mar is minice ta na daoine a thaganns ar aghaidh i gcomhlachtai daoine a rinn gach cleas ata ann chun e sin a dheanamh, agus a chur achan da gcomhoibrithe fa chois ar a' mbealach suas. Ach faigheann siad amach ag pointe airid nach bheil moran daoine fagtha i gciorcal na cumhachta. Is thart fan ama sin go dtagann siad thart ar do dheisc ag feachail le beagan cabaireacht a dheanamh leis na cos-muintir.

Ag bomaiti mar sin, mas urrainn, is fiu dul go tapa go dti an leithreas no cibe tearmainn eile ata ar faghail duit. Ach chan bheil se sin feideartha i gcomhnuidhe. Tharlaionn se, o am go cheile, go gcaithfidh tu teangbhail a dheanamh leis na samplai thraumhealacha den cine-daonna sin... teangbhail a eirionn nios measa de reir mar a fheachainn to bhainisteor a bheith cairdiuil. Teann siad i gcomhnuidh dh'ionsar do dheisc leis an gcuma orthu, direach, cineal, 'Hey, I'm relaxed. Ta achan rud, cineal flowing thart timpeall orm. Chan aintighairna mise a chor a bith... Ta sibhse i ndiadh na signals go leir ata mise a scaipeadh a misinterpret. Sin an fhadhb a bhi aghatsa all along, man' (no bhfeidir dude fius!) 'Creideann tusa is docha gur duine turgid agus uninteresting me. Ach ta tu ag cailleadh an "mise eile".'

Agus i mbeagnach gach cas, bhi an cheart aghat an duine "eile" sin a sheachaint amach is amach. Ta an duine "eile" sin lan le 'Hey man' agus 'How's tricks on cloud 99?' agus a leithead. Mad stuif, dairireabh, agus ag an edge. Chomh ag an imeall sin, i ndairireabh, no gur mhaith leat ruith ar shiul chomh luath is a thaganns an duine sin isteach insan tseomra. Bainneann daoine mar sin usaid fhluirseach as an abairt "coola boola". N'uair ata siad sleamhnaithe chomh fada le do dheisc, suionn siad sios air faoi mar a niodh sean-chara de do chuid. Sileann siadsan gur chomhartha deas e sin de, direach goide chomh cairdiuil is ata "muid". Ach sileann tusa, "Ta do caic-faisceoir i bhfad ro-chongareach domhsa ar son an dis dinn, a fhascist caic-itheoir thu."


"Oh, eh, Rodge... Rupert..." Ni chuimneach leisean goide t'ainm, dar ndoighe.
"Richard." ar tusa.
"Right, Richard, go deimhin... conas ata tu?"

I d'intinn deaneann tu iarracht chun cuimhneamh ca huair ar labhair tu leis an duine sin riamh roimhe...

"An bhfaca tu an footy inde?" ar seisean/sise.
"Cha robh match ann inde."
"Right..." Cuma mhachnamhach air/uirthi. "But, I mean, that Ronaldinho has a real... eh... good pair of feet... right?"
"Heh, right." Nionn tu iarracht do shuaimhneas a choinneail ach ta fhios aghat go bheil an do charraiste i ndiadh dul isteach ar chursa do-athrithe i dtreo an tuafas. "Sure does." Meangaire lag de do chuid.

Teann a dha no a thri bhomaite breise thart. Ta achan duine eile i do mhorthimpeall ag coimhead ort ag suil le do chead fhreagra eile. Ta do shnua ag eiri dearg. Ta do chreidmheasa ina sul ag tra ag rata millteanach gasta agus cluinseann tu gach buille an chloig. An bheil ort bheith cairdiul leis an anmhi corporaideach sin, no an e sin a 'n uair a thosnoidh tu an reabhloid oibritheora? Ta sin uilig ag rith thart i do chloigeann agus an allas ag toiseacht ar a bhealach sios do mhuineail. Agus, direach 'n uair ata tu creidbhail go bheil an am i ndiadh stopadh go hiomlan, agus ta an fhuil ag preabadh i do ghruaidh ar nos innil gaile, seaseann se/si suas a radh:

"OK, whoow. Better get back to the old obair..."

Chuckle non-committal eile de do chuid agus ansin an faoiseamh, mar a shiubhalann an bainisteor ar shiul uait. Phew. Ta se thart agus gan a bheith ort a bharraiocht comhradh a dheanamh. Char thoisigh tu reabhloid oifige, dar ndoighe, ach cha ndeachaigh tu isteach i gcomhradh ceart ach an oiread. Anois feadeann tu dul sios go dti an leithreas agus beagan grianaiocht a dheanamh i do uirisliu... ? Ach, g-g-g-goide? T-t-t-t-ta se/si ag teacht ar ais... Oir, ta fhios aige/aici nach ndeachaigh achan rud mar bhi se/si ag duil. Bhi sise/seisean ag lorg comhradh meaningful agus deas a bheith aice/aige leat. Agus cha ndearna tusa ach dul frid na motions. Anois, caithfidh se/si an suiomh (agus a g(h)nuis) a shabhail beaganin frid tusa a uirisliu go gasta (comhartha chumhachta, e sin, a chuirfeas meas mor ar na doine thart timpeall airsean/uirthisean):

"Oh, one last thing, a bhfeadfea an tuairisc sin a thabhairt domh a.l.a.i.f.? Chonnaic me go robh botun mhor sna cupla cinn deireannacha a thug tu dhom..." (a luaithe agus is feidir, lame, ta fhios agham ach ta an leagan bearla lame chomh maith.)

R.R.

0 Comments:

Post a Comment

<< Home