Tuesday, May 02, 2006

Deoch laidir agus obair

Ta mise istigh ag an obair indiu agus ag feachail le tad ar scor a bith a dheanamh. Ta beagan de bhiotailte insan tarraiceán agham. Biotailte millt'each dona ach ni se an gnoth ma's riachtanach e.

Is rud iontach contubhairtea' e biotailte a bheith i do thairraicean oir a luaithe is a ta fhios aghat, beidh deorin olta aghat agus ansin, is deacair a stopadh. Ach ar doigh, silim go gcaithfidh se a bheith ina riachtanais oibre, buideal a bheith aghat ar son am prainne.
Is lia an nuair a bheifea ag teacht ar ais chun do dheisc i ndiadh cruinneamh go hiomlan dicheilidh a bheith aghat agus a shilfea: maise, "Níl aon deor dá bhfaighinn nach ligfinn síos, Ar eagla go bhfaighinnse bás den tart." D'fheadfea "... den amaidi criochnaithe anseo" a chur leis na linte seo.

Is cuimhnea' liom uair amhain ata greanta i mo chuimhne. Bhi muid uile suite timpeall an bhoird insan tseomra chruinnithe ag deanamh beagan de chomradh fa dtaobh de rud inteach ata chomh hiomlan neamh-thabhachtach le ba mhaith leat. B'i an chonspoid an uair sin fa dtaobh de cerbh e an diofair eadar seachadadh birt le ultra ultra luath-phost, agus ultra ultra ultra luath-phost. 'Nois, i mo thuairimse, chan bheil dad de dhiofar eadar an da rud seachas go bheil aon costas ag baint leis an darna diobh da huair nios airde na leis an chead rud. Dubhairt an neach sa phost liom a rud ceadna n'uair a bhi me a fhiafraigh fa dtaobh de. Agus ba shin leir on breacadh-sios a thug se domh chun taispaint don "team". Agus, tharla nach robh deifre ar bith ann leis an mbeart airid seo gad chuige an mbeimis ag tabhairt airgid amobha ar son tada? Bhual, cha robh me ag fuireach leis an cineal corr-loighic ata ann n'uair ata politiocht-oifige i gceist. Oir, is cineal cath ata insna criunnithe oifige. Fan go bhfeice tu an bheil aithne aghat ar a leithead de chomhradh seo a leanas:

(Mise) - "Ach, goide an sgeal duinn a bheith a tabhairt an oiread sin airgid amobha, muna bheil se riachtach? It doesn't have to be there soon anyway?"

(Man of French origin, let's say Jean Paul. Is futsa an canuint Fhrancach a dheanamh) - "But, that doesn't matter... There is a difference in the services and I WANT TO KNOW WHAT IT IS?"

Seo an chead coisceim sa dannsa bheag dheas seo. Deanainn duine den cuideachta iarracht airde na ndaoine eile a tharraingt chuige frid pointe dhicheilidh a throid ar son taispaint go bheil esan "dairireabh" fan obair.

(Duine inteach eile) - "Bhual ta pointe ag Jean Paul. We really should investigate all the options.

Sin an darna coisceim: tuiteann duine eile isteach insan gaiste frid aonteamh leis an chainteoir. Nionn siad e sin ar go leor adhbhair: 1) chun taispaint nach robh siad ina gcodladh ach ag eisteacht go fonnmhar le gach a robh le radh ag an chainteoir (agus na cainteori eile, dar noighe)(2) chun adhmaid a bhaint as aon chlu a bhfeadadh an chainteoir a bhuachant as an pointe dicheilidh a thogail (3) ta fhios acu go bheil an duine a thog an cheist ina dhiaspoiri criochnaithe agus go bheil cluas na bainistaidheachta agus leis sin na neisteoiri eile aigesan, gidh go bheil na moltai a chuireans seisean faoi bhraid acu naoi nuair as an deich go hiomlan dicheilidh agus gan bhuntaiste ar bith.

(Arithist duine eile) - "Yes, erm, not sure. I mean, what if there were extra costs associated with the Extra Swift Post?"

Ag an pointe sin, ta dis ann ata i bhfabhair an phointe ach ag cruinnithe, caithfidh a chuimhneamh gur luachmaire dis ag caint na 10 ina dtost. Agus, leis sin, muna bheil tu ag iarraidh bheith taobh amuigh den ciorcal, ta feidhm aghat taobh a roghneamh. Agus, rud eile: ma bhi bhi duine inteach insan chruinneamh ag smaointeamh ar run inteach eile ar feadh na diaspoireachta agus direach ag tuneail isteach anois, toghfaidh se/si go huathoibrioch taobh na droinge is mo no is callanaigh.

(Mise) - "Ach ta se sin direach ag cur ama amobha. Ta na costaisi uile aghainne cheana. Feach ar an paipear sin. Ta se..."

(Jean Paul) - "We know that. But we must find the best option. We simply must. This goes to the heart of what makes this place work. I for one, suggest we get the opinion of Finance. They have insight into this stuff. After all, before we roll out, we have to roll up. (Buille sul, lan le cheili formhothaithe).

Agus sin aghat e. Cha nionn se diofar fiu ma ghlacann "siad" leis do mholadh i ndiadh sin. Ta an cruinneamh buaite. I bhfaiteamh na sul, ta tusa i d'amadain mor agus ta an bua ag an duine eile. Is thart fan ama sin agus tusa ag coisaiocht ar ais chun do dheisc le mhine mishasta aghat go bheil an deoch uait. Ach ta na deochanna amhain ata ar faighail duit no caife agus te. Agus ansin, i ndiadh a cheithir no a chuig de chupan te/caife a bheith olta aghat, chan bheil tu in ann rud a scor a bith a dheanamh. Mas feidir, teann tu chuig an leithris chun oisce fuair a chaitheamh ar do ghnuis chun cuidiu leis an chroithechan a thoisaigh 'n uair a dh'ol tu an cuigeamh cupan... Is ar an adhbhar sin go gcreidim go mbeadh se nios ciallmhaire leagaint do dhaoine deoirin beag di laidre a chaitheamh siar o am go cheile insan obair...
R.R.

0 Comments:

Post a Comment

<< Home