Friday, May 05, 2006

Politiocht oifige - cuid a da




(Ta bainistaidheoir maith ag cuid de dhaoine...)

Fa dtaobh de rudai ata tarleamh insan oifig, ta mise den bharuil nach coir go mbeadh cead ag do bhainistaidheor bheith ag cur ceisteanna ort fa dtaobh de do bheatha fhein. Muna bheil tusa i ndiadh an eolas sin a thabhairt doibh, goide an fath go bheil siad ag smaointeamh go bheil cead acusan fiafraigh diot a leithead de rud?

Ta se sin i ndiadh tarleamh domhsa da huair agus ta me dubh doite leis. An chead turas, bhi me i mbun rud inteach a dheanamh agus, tharla nach robh go leor eolas agham fa dtaobh de roimh re, ag an deireadh cha robh se deanta mar ba choir. Bhi me direach i ndiadh an comhad a chur chun mo bhainistaidheor agus sise i ndiadh a leigheamh. Is doiche gurb shin an chead uair ariamh a leighaigh sise r-phost a chuir me chuici chomh gasta sin. Bhi mise direach ag toiseacht ar rud inteach eile agus go thobainn bhi cineal mothuchain agham go robh duine inteach eile ann. Cha duirt an bhainistaidheor tada no go chas me thart. Agus ansin, bhi meangadh uirthi a chuirfeadh masmas ort. Cineal fe mar n'uair a fheiceann tu moncaidh ag ithe a chuid caic fhein. Smaointeann tu direach: "ta rud inteach micheart fa dtaobh den phictiur seo..." Don chuid is mo, feadann tu bheith cinnte dearfa ma ta meangadh ar do bhainistaidheor, ta rud inteach ar shiul aige... ta se contubhairteach mar sin.

Ach cibe ar bith. Togadh isteach i seomra me, le go mbeadh seans ag mo bhainistaidheor an ceistiuchan ceart a chur orm fa dtaobh den amaidi a rinn me. Os rud e nach robh me cleachta leis an cineal rud sin. Cha robh me ag fuireach le go mbeadh sise chomh direach lan le fuath si a bhi si. A bheil fhios aghat, bhi se direach mar a ta se insna pictiuri n'uair ata an saighdiur bocht da tharraingt isteach i seomra beag le solas geal amhain ata dirithe ar a cheanaghaidh. Ach cha robh deis caite tobac agham.

"A Richard, choir. A bheil fhios aghat cad fath ar thug me isteach anseo thu?"

Chan bheil, a ta fhios agham nach Ce-a-rinn-e ach an oiread a bhi ann agus charbh mhaith liom daoine ata creidbhail gur feidir leofa deilgheail le daoine eile fe mar go mbeidis ina gcinnfort polini.

"Eh... chan bheil..."

"A' eil fhios aghat an tionscadal a d'iarr me ort a dheanamh?"

"Go dearfa."

"A bheil tu creidbhail gur jab maith a rinn tu?"

"Bhual, rinn me mo dhicheall. Cha robh moran ama agham...."

"Ach, muna robh tu cinnte cad a dheanamh, cad fath nach rinn tu ceist a chur ar duine inteach?"

"Bhi me cinnte... ach.."

"Fuist! Fuist, a stoir." Go follasach, bhi an ioroin ina arm tabhachtach dithi. "Chan bheil me sasta le do hobair." Sracfheachuint lan le fein-tromchuiseacht...

"Ach ar rinn me botun go ruige seo?"

"Fuist, fuist." Sracfheachuint eile.

"Cheap me ar dtus go robh tusa i d'oibrai maith... Agus anois, caithfidh me breathnu aris ar a dhearna tu... Abair leat, an bhfuil fadhbanna pearsanta aghat de short eicinnte?"

"Uh... chan bheil..."

Ciunas.

"Right...." Osna.... "Ta me ag dul seans eile a thabhairt duit, oir ta tu i do bhall nua den fhoireann. Ach ni mhaith liom go dtarlodh a leithead arithist ariamh."

"Eh... Ceart go leor ach..."

"Imigh leat." Sracfheachuint dheireannach dramatuil.

Go follasach, bhi me i ndiadh cheacht a fhoghlaim.

R.R.

0 Comments:

Post a Comment

<< Home