Tuesday, July 25, 2006

Suimh idirlion...

Bhual bhual... sin e anist. Ta me ar ais arithist, ag sgriobh bho lar na catha anseo ag gnoth-central. Ta mise i ndhiadh da suimh idirlion a aimseamh agus mise san toir ar rudai ura a d'fheadfadh m'airde a tharraingt bhon cac neamh-throcaireach a bhimse a' deanamh aig an obair.

S'e a cheud cheann diobh an suiomh seo leannas: radioblogclub.com. Is doiche g'bheil sibhse ar an eolas cheana fa dtaobh de ach s'e mo thuarim umhal e go bheil se seo ar tigh an bealach a bhimid ag eisteachd le cheol a athreamh... Is fuibhse ata an rogha ach bain triall as ar aon nos.

Agus, an ath-cheann e seo: Gaelcast.com. S'e seo ar son na ndaoini anseo a bheil ar an eolas fa dtaobh den chultar Ghaedhealach Albannach ata ann i Meiricea Thuaidh agus ar mhaith leofa nas motha a eisteachd fa dtaobh de. Is rud millteannach suimuil agus is deas an obair ata na daoini sin ag deanamh.

Seo daoibh e ar son an trath so.

R.R.

Wednesday, July 05, 2006

Ag eisteacht dom leis an nuacht ar Radio nan Gaidheal...

Bhual, ta mise ag eisteacht leis ceannlinte na nuachta ar Radio nan Gaidheal, an staisiun radio Albannach (faoi choimirce an BhBC, go dearfa) agus thugaim faoi deara go bheil an stampa BBC soileir go leor ar a bheil siad ag deanamh. An cineal cur-le-ceile acu iontach comhsamhailt leis an meid a dheananns na seirbhisi bearlagar acu. ACH, s'e rud a thug me faoi deara fosta, na go bheil an seirbhis Gaedhlach sin ar faighail ach amhain ar feadh treimhse teoranta den la. Braitheann se fe mar go bheil an seirbhis Gaidhealach sin ar faighail ar maidin go dti mean lae agus ansin o 2 a chloig suas go ruige 7 no a 9 a chloig. Chan bheil se sin ina staisiun Ghaidhealach cheart ach direach coras mar a bheil clair Gaidhealacha cineal greamaithe isteach i measg na gclar bearlagar.... Bheil, is docha g'bheil me i ndiadh bheith beagan ro-chruaidh orthu ach silim gur choir dona Gaidheil Albannacha a staisiun fhein a bheith acu. Ta siad beagnach ann ach ta astar le deanamh acu go foill.

ACH, chuala me le gairid, inde dairireabh, go bheil cuis na nGaedheil san Oilean Mhannainn slan sabhailte leis go leor daoini ag cur suim insan Gaelg. Duradh go forleathan go raibh an teangaidh sin marbh ach chan bheil daoini an Oileain sasta glacadh leis sin a scar a bith. Agus an -cheart acu go deo. D'eist mise leis an Radio Seyr agus is mor an ghliondar a chuirfeadh se sin ar do chroí. Ádh mór orthu.

Monday, July 03, 2006

Sgeulta bhon rubbish basgaoid

N'uair a thoisaigh me a dh'obair indiu, charbh fhada go dti go bhfuair me amach coide na rudai is tabhachtai insan obair: cumarsaid, foscailteacht, feiniulacht dhearfach agus mar sin de. Oh s'eadh. Thainig me isteach agus n'uair a chur me an computair agham air, thug me faoi deara nach robh teacht agham chun cionn desna comhaid diosca anseo ... Chan bheil se chomh tabhachtach sin muna bheil tu ag feachail le hobair a dheanamh. Ma's e sin an chuis, bhual, a charaid, cha bheith tu ag deanamh moran oibre ma's amhail an sgeal.

Coide a shilfea a ndeanfea i gcas mar sin? Ceart! Cuirfea scairt ar an roinn TE (teicneolaidheachteolais ... hmm, s'e IT an giorruchan a bheil me ag feachail le mhinieamh a thabhairt air...)agus bu direach sin a rinn me. Agus, caithfidh me a adbhail go robh an duine a thug mo scairtiontach eifeachtach... ma's mall, mi-chairdamhail, mi-usaideach agus a leithead is ciall le eifeachtach.Ach beag beann, thug an duine sin le fios domh, go robhthar ag obrieamh ar an sgeul sin agus go mbhbmehmehmaamhamaamam... Cha chuala me moran den oraid sin ach thuig me a bheag no a mhor coide a bhi ar siubhal.Bheifi r-phost a chur amach ag inseacht coide a bhi orainn le deanamh agus bheadh achan rud mar'sgnathach roimh i bhfad.

Ansin, ta cupla uair i ndiadh sin, agus, n'uair a bha me i mbun rud inteach eile a dheanamh, a robh ancomhad thuasluaite riachtanach do, chuir me cheist ar an fuhrerin agham ansin, coide a bha ag tarleamh leisan chomhad ud a bha dhith orainn? Agus, ansin thainig ise suas chugam ag fiadhfraigh, Coide cineal sgeal sin fa dtaobh den comhad... Dubhairt mise, nach robh smaionteamh ar scar a bith agham fa dtaobh de(oir ni duine de chlainne an IT, euh.. gmleithsgeul, den TE mise) agus bha mi direach ag feitheamhle sgeal bho TE chun dul ar aghaidh leis an obair a bha agham. OK, ar sise, agus teann si ar shiubhalchun, taim ag deanamh, faighail amach coide ba chiall leis an fhadhb sin.

Ta beagan de dh'am i ndiadh sin, faigheam r-phost bhuaithi ag radh go robh orm dul in eineacht leathi chun an tseomra XYZ. Is dona an sgeal e, a luaithe is ata ortsa dul go dti "seomra" airid anseo. Oibrionnmuid uile in halle mor, le seileail gloine agus gan moran priobhaidaidheachta duinne fhein. Oir, is "team" muidegrupa de dhaoine, ar mhaithe leofa bheith insan spas ceudna an t'am ar fad. Agus coide an sgeal duitse bheith agiarraidh priobhaidaidheacht a bheith aghat? Chan bheil rud a bith aghainne ar mhaithe leat a choinneail fa cheilt duinnan bheil? BHUAL??? AN BHEIL? NEIN! AON TEAM, AON VOLK, AON COMHLACHT!!! Agus, a luaithe is chloinseann tu go bheil ort dul go ruige "seomra", ta fhios aghat go chiallaionn se sin, go mbeidh rudai ag tarleamh leat nar mhaith leisna cumhachtai ata ann a thaispaint do na daoine eile. Oir is urra go ndeanfadh siad dochar don atmaisfear "team"-aidheacht ata ann....

Mar sin, bha fhios agham go mbeadh rud inteach nach pleisiurtha e ag tarleamh.

"Cod chuige an mbeifea ag inseacht na mbreag dhomhsa?"

B'shin an chead ghluaiseacht. Ceithearnach chun caislean 1.

"Huh?"

Ceithearnach chun ridire 2.

"Ma's mian leat breag a inseacht domhsa, b'fhearr duit do cheachtanna dheanamh."

Ridire chun banri.

"Eerm...OK. Coide a ndearna me?"

Ridire chun ... eh, ait a bith.

"Silim gur chluinn tu me. Agus go dtuigeann tu me, go hanamhaith."

Fliucheann ridire a bhristi.

"An bheil fhios aghat coide is ciall leis na focla: litir rabhaidh?

Banri (an bheil an piosa darbh ainm "antighearna" i bhficheall?)

"T-t-t-ta."

Ta an cluich thart an trath seo... agus bhi se sula dtoisaigh an chluich..

"Ar mhaith leat aon diobh a fhaighail."

"N-n-n'il."

"Bhual, ta piosa comhairle agham duit, a chara: na bi ag imirt na gcluichi liomsa, oir chaillfidh tu." Cha dubhairt si "Cur se sin i do phiopa agus caith e" ach geallfainn nach robh se fada as da beola.

"Ceart go leor."

N'uair a d'imigh me as an tseomra bha na troubhsairi agham fliuch le hallais... Silim gur allais a bha ann ar aon nos.Chuaigh me chun an computair agham agus d'fheach me lena startail arithist. Cha robh teacht agham dhan comhad sin fos.Chuirinnse scairt ar TE, ach b'eigeann domh mo throubhsairi a athreamh...

Coide an chuis taobh thiar leis sin uilig? Bhual, oibir tusa amach e....

R.R.