Monday, May 08, 2006

Cumarsaid…



(tomhais ce acu an bhainistaidheor...?)

Chuaigh mise ag smaointeamh, an la eile, agus mise i mo shuigh os coinne mo chomputair nach robh an obair agham direach chomh dona sin. Aisteach, cluinim thusa a radh, go bheil an duine sin ag radh a leithead fa dtaobh den obair aige, n'uair a chaitheann seisean an oiread sin de dh'ama ag radh an chodarsnach de rud an tam eile. Ach, gibe ar bith, sin rud fior. Caithfidh tu a bheith bhuioch a bheil aghat le bheith buioch as. Ag caint le mo dheirfiur domhsa, ta cupla la o shin, agus sise ag obair ina inteach a thabharfaidh me "Associated National United Systems" air, comhlacht ata ag ple le tele-cumarsaid agus foin-poca agus rudai mar sin. Bhuel, ta an bhainistaidheor ar an roinn ina bheil an deirfiúr aghams ag obair duine don ainm, abair, Hope. Ni Hope an ainm ceart aici ach chan ag cuartu cuiseanna dli ata me, agus mar sin, fagfaidh me ainmneacha ceart amach as an sceal seo. Ach de reir mo thaithise fhein, bionn daoine a bheil ainmneacha den cineal sin orthu, beagnach achan uair direach an codarsnach den ainm. Agus ta se sin fior fuithi fosta.

Sin direach an duine, n'uair a fheiceann siad go bheil daoine ag spraoi, ag gaire fa dtaobh de rud inteach mar shampla, ba mhaith leitha i gcomhnuidhe bheith pairteach ann. Ach a luaithe is a fheiceann sise goide ata tu ag gaire faoi, deaneann si iarracht chun stop a chur leis an iomlan.

Screadanna gaire agus glortha spraoiula
Hope, meangadh gliuailte ar na beola aici, mar cineal plaister - "Cod chuige a bheil sibh ag gaire?"

(I mo thuairimse, a luaithe is is ga duit an cheist seo a chur ar dhuine, b'fhearr duit direach tabhairt suas...)

Oibri - "Oh, tada. Bhi muid direach ag gaire fa dtaobh de rud inteach...."
Hope - "Yeah, cerbh e?" An meangadh ag eiri nios tanai, sinte mar chineal
sreang ag ceangailt an da thaobh den ghnuis aici.

Oibri - "Oh, eh, direach rud inteach a nduirt cara liomsa le duine inteach..."

Ta fhios agham, da mba thusa an duine a bhi i ndiadh teacht thart agus cha robh tu eolach ar a robh daoine eile ag radh, imeofea leat oir char mhaith leat butail isteach i gcomhradh de chiud daoine eile. Ach, leis na daoine seo, chan bheil se sin an chas.
An oiread a feachuinn tu le hiad a choinneail amach as an gcomhradh aghat, s'amhail an oiread is mo a dheananns siadsan iarrachtai chun teacht isteach ann.

Hope - "Ce an duine sin?"
Oibri - "Oh, direach... e... cara liom..."
Hope - "Oh? Ce go direach?"
Oibri - "Eh... direach, cara.. Uhmmm, Dave is ainm do.."
Hope - "Agus, cad a duirt se?"
Oibri - "Eh... rud inteach fa dtaobh den madadh aige..."

Gair de chuid na hoibrithe ata suite thart timpeall. Gaire neirbhiseach...

Hope - "Ah...na madaidh. Ta fhios aici go ndeachaigh sise ro-fhada.
Ach b'eigeann dithi an bua a fhail. “Na madaidh….”

R.R.

0 Comments:

Post a Comment

<< Home