Wednesday, July 05, 2006

Ag eisteacht dom leis an nuacht ar Radio nan Gaidheal...

Bhual, ta mise ag eisteacht leis ceannlinte na nuachta ar Radio nan Gaidheal, an staisiun radio Albannach (faoi choimirce an BhBC, go dearfa) agus thugaim faoi deara go bheil an stampa BBC soileir go leor ar a bheil siad ag deanamh. An cineal cur-le-ceile acu iontach comhsamhailt leis an meid a dheananns na seirbhisi bearlagar acu. ACH, s'e rud a thug me faoi deara fosta, na go bheil an seirbhis Gaedhlach sin ar faighail ach amhain ar feadh treimhse teoranta den la. Braitheann se fe mar go bheil an seirbhis Gaidhealach sin ar faighail ar maidin go dti mean lae agus ansin o 2 a chloig suas go ruige 7 no a 9 a chloig. Chan bheil se sin ina staisiun Ghaidhealach cheart ach direach coras mar a bheil clair Gaidhealacha cineal greamaithe isteach i measg na gclar bearlagar.... Bheil, is docha g'bheil me i ndiadh bheith beagan ro-chruaidh orthu ach silim gur choir dona Gaidheil Albannacha a staisiun fhein a bheith acu. Ta siad beagnach ann ach ta astar le deanamh acu go foill.

ACH, chuala me le gairid, inde dairireabh, go bheil cuis na nGaedheil san Oilean Mhannainn slan sabhailte leis go leor daoini ag cur suim insan Gaelg. Duradh go forleathan go raibh an teangaidh sin marbh ach chan bheil daoini an Oileain sasta glacadh leis sin a scar a bith. Agus an -cheart acu go deo. D'eist mise leis an Radio Seyr agus is mor an ghliondar a chuirfeadh se sin ar do chroí. Ádh mór orthu.

0 Comments:

Post a Comment

<< Home